Tuarascálacha Speisialta

icon economyfinance

Rinneadh athbhreithniú sa tuairisc seo thráthúlacht tuairiscithe airgeadais san earnáil phoiblí agus díríodh go príomha ar ráitis airgeadais do thréimhsí a chríochnaigh in 2016. Tugtar achoimre sa tuairisc ar na ceisteanna a tugadh chun aird i dtuarascálacha iniúchóireachta an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar ráitis airgeadais le haghaidh 2016.

icon economyfinance

Déantar athbhreithniú sa tuarascáil seo ar thráthúlacht an tuairiscithe airgeadais san earnáil phoiblí agus sainaithnítear inti na comhlachtaí a raibh moill i gceist leo. Tugtar achoimre ann ar na ceisteanna a tugadh chun aird i dtuarascálacha iniúchóireachta an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar ráitis airgeadais le haghaidh 2015.

icon transport

Tá athbhreithniú déanta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an tSeirbhís Iompair Scoileanna agus déantar tuairisciú ann ar cé acu an bhféadann nó nach bhféadann an Roinn Oideachais agus Scileanna a léiriú go bhfuil luach ar airgead á bhaint amach de bhun a chuid socruithe le Bus Éireann chun an tseirbhís a sheachadadh agus cé acu an bhfuil nó nach bhfuil maoirseacht dhóthanach i bhfeidhm.

icon transport

Rinneadh athbhreithniú sa scrúdú seo ar fháltais mótarchánach, ar chostas an mhótarcháin a bhailiú agus ar na rialuithe atá i bhfeidhm.

icon-crossgovernment

Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste scrúdú ar chostas an fhiosraithe agus an chúitimh um dhroch-úsáid leanaí. Den chuid is mó tá obair an Choimisiún um Dhrochúsáid Leanaí a Fhiosrú críochnaithe.

icon staff

Tá athbhreithniú déanta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar thuairisciú airgeadais san earnáil phoiblí ag díriú go príomha ar ráitis airgeadais do thréimhsí a chríochnaigh in 2014. Déantar athbhreithniú sa tuarascáil seo ar thráthúlacht an tuairiscithe airgeadais san earnáil phoiblí agus sainaithnítear inti na comhlachtaí a raibh moill i gceist leo agus cúis na moilleanna úd.

icon-crossgovernment

Rinne an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste scrúdú ar dhíol Project Eagle ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní.

icon-crossgovernment

Tá athbhreithniú déanta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar chóras na n-uaireanta bliantúlaithe i Seirbhís Phríosúin na hÉireann.

icon-crossgovernment

Tá athbhreithniú déanta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar bhainistiú riosca tuile in Éirinn.

icon-crossgovernment

Tá scrúdú déanta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar bhainistiú scaoilíocaíochtaí i gcomhlachtaí earnála poiblí.