Foilsithe 21 Feabhra 2017
Rud bunúsach maidir lena chinntiú go bhfuil cuntasacht éifeachtach ann maidir le húsáid cistí poiblí is ea ráitis airgeadais na gcomhlachtaí poiblí a iniúchadh agus na ráitis airgeadais sin a chur faoi bhráid an Oireachtais. Déantar athbhreithniú sa tuarascáil seo ar thráthúlacht an tuairiscithe airgeadais earnála poiblí, lena n-áirítear tráthúlacht na ráitis iniúchta airgeadais a chur i láthair an Oireachtais. Sainaithnítear na comhlachtaí ina raibh moilleanna maidir le tuairisciú, agus na cúiseanna a bhí leis na moilleanna sin. Déileáiltear sa tuarascáil go príomha le ráitis airgeadais do thréimhsí a chríochnaigh in 2014. I ndáil leis an mbliain cuntais 2014, bhí an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste freagrach as iniúchadh a dhéanamh ar ráitis airgeadais bhliantúla le beagnach 300 comhlacht poiblí agus ciste san earnáil rialtais láir le láimhdeachas tugtha le chéile de bheagáinín os cionn €193 billiún.
Giniúint ráiteas airgeadais agus críochnú iniúchtaí
I gcás an chuid is mó de chomhlachtaí poiblí, ba chóir ráitis airgeadais a chur i láthair le haghaidh iniúchta taobh istigh de dhá go trí mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta. Gineadh cuntais leithreasa na ranna Rialtais uile taobh istigh den chreat ama a teastaíodh. I gcomparáid leis seo, rinne dhá thrian de chomhlachtaí eile a ráitis airgeadais a ghiniúint a ghiniúint go dtí trí mhí nó os a chionn sin tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta. Ní raibh ráitis airgeadais i leith 2014 ginte le haghaidh iniúchta ag ceithre chomhlacht poiblí faoi dheireadh 2015.
Ar an iomlán, tugadh chun críche 66% de ráitis airgeadais i leith 2014 faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair 2015, rud ab ionann agus 95% den luach láimhdeachais faoi réir iniúchta.
Cuntais i riaráistí
Bhí 25 tacar de ráitis airgeadais i ndáil le blianta roimhe sin nach raibh deimhnithe fós ag deireadh 2015.
Bhí leibhéal speisialta ard riaráistí i gceist leis na boird oideachais agus oiliúna, agus níor deimhníodh naoi gcinn de ráitis airgeadais 2013/2014 de chuid na 16 bhord faoi dheireadh 2015. Ba phríomhfhachtóir sna moilleanna é an t-athrú eagraíochtúil san earnáil. In 2013, tháinig na boird oideachais agus oiliúna in áit na gcoistí gairmoideachais. Ghlac siad chucu féin chomh maith freagracht as breisoideachas agus oiliúint. Ba é a gcéad tréimhse chuntais ná na 18 mí go dtí deireadh 2014. Faoi dheireadh mhí na Samhna 2016, deimhníodh gach ceann seachas dhá cheann de ráitis airgeadais 2013/2014.
Tá moilleanna leanúnacha ann i nginiúint ráiteas airgeadais agus críochnú iniúchtaí ar ollscoileanna. Tá roinnt fachtóirí i gceist leis seo, lena n-áirítear an riachtanas de chuid an Údaráis um Ard-Oideachas go n-ullmhódh na hollscoileanna na ráitis airgeadais bhliantúla in dhá fhormáid, agus sa chuid is mó de chásanna, tá sé roghnaithe ag údaráis rialála ollscoileanna iniúchóirí tráchtála a cheapadh chun iniúchadh a dhéanamh ar na ráitis airgeadais, in éineacht leis an iniúchadh reachtúil a dhéanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
Cuntais a chur i láthair an Oireachtais
Iarrtar sa dlí go gcuirfí faoi bhráid an Oireachais an chuid is mó de na ráitis airgeadais a ndéanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh orthu. An riachtanas ginearálta atá ann ná go gcuirfí na ráitis airgeadais iniúchta i láthair taobh istigh de thrí mhí ó dheimhniú a fháil. Cuireadh i láthair in am beagnach 60% de ráitis airgeadais 2014 (deimhnithe in 2015). Cuireadh an chuid eile díobh i láthair go déanach, é sin nó níor cuireadh i láthair iad. Fuarthas sa scrúdú go raibh, ar 31 Bealtaine 2016, sé chomhlacht nach raibh a ráitis airgeadais curtha i láthair an Oireachtais. Tá trí cinn díobh seo curtha i láthair ó shin.