Cuntais Leithreasa

Soláthraíonn Dáil Éireann airgead le haghaidh ghnáthsheirbhísí na ranna agus na n-oifigí rialtais, idir airgead caipitil agus neamhchaipitil, trí mheastacháin a cheadú le haghaidh na seirbhísí sin i rith gach bliana, agus trí fheidhm reachtúil a thabhairt do na meastacháin san Acht Leithreasa bliantúil.

Ag deireadh gach bliana airgeadais, bíonn ar gach roinn agus oifig cuntas a ullmhú, ar a dtugtar an cuntas leithreasa, le haghaidh gach seirbhíse vótáilte atá á riar faoina cúram. Tá dualgas reachtúil ann sonraí an toraidh don bhliain i gcomparáid leis an méid a sholáthair Dáil Éireann, bunaithe ar shuimeanna airgid thirim na n-íocaíochtaí agus na bhfáltas, a chur ar fáil sa chuntas leithreasa.

Seo thíos na ranna éagsúla a dhéanann na cuntais leithreasa seo, agus tá sé de chúram ar an Oifig iad seo uile a iniúchadh.

Talmhaíocht, Bia agus Mara Oifig an Ard-Aighne
An Coimisiún Toghcháin Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit
Pinsin an Airm Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí
An Phríomh-Oifig Staidrimh Oifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais
Leanaí, Comhionannas, Míchumas, Lánpháirtíocht agus Óige Oifig an Aire Airgeadais
An tSeirbhís Chúirteanna Oifig an Ombudsman
An Coimisiún um Chosaint Sonraí Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Cosaint An tÚdarás Póilíneachta
Oideachas Teaghlachas an Uachtaráin
Fiontar, Trádáil agus Fostaíocht Príosúin
Comhshaol, Aeráid agus Cumarsáid An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
Gnóthaí Eachtracha Caiteachais Phoiblí, Seacgadta ar an bPlean Náisiúnta agus Athchóirithe
Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht Forbairt Tuaithe agus Pobail
Garda Síochána Rúnseirbhís
Sláinte Coimirce Shóisialach
Tithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht An tSaotharlann Stáit
Comhar Idirnáisiúnta Aoisliúntas agus Liúntas Scoir
Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas Tailte Éireann
Dlí agus Ceart Taoisigh
An Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte An Coimisiún um Achomhairc Chánach
An Oifig um Sholáthar Rialtais Tithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht
Oifig na nOibreacha Poiblí Iompar