|
|
|
|
Taifeadtar i dTuarascálacha Ar Leith torthaí grinnscrúduithe ar shaincheisteanna sonracha nó ar cheisteanna ginearálta a thagann chun cinn de bharr iniúchóireachtaí, imscrúduithe nó scrúduithe arna gcur i ngníomh ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
|
Special Report 9: Bord na gCon |
Bord na gCon is a commercial semi-state body which was established under the Greyhound Industry Act 1958, with the objective of improving and developing the greyhound industry. It licenses greyhound racing tracks and regulates the conduct of racing at those tracks.
This report examines the management of capital projects, the procurement of security services and perquisites enjoyed by certain staff at Shelbourne Park. It also reviews, inter alia, the leasing of an annexe to the Head Office building in Limerick and the awarding of contracts for professional advisors, catering, tote services and television production
[view Press Release]
[view more...] Published on 11 June 2008 |
Special Report 8: National Educational Welfare Board – Lapses in Internal Control |
The National Educational Welfare Board was established in 2002. It has a statutory function to ensure that every child either attends a school or otherwise receives an education. In June 2003, the Board took over responsibility for its payments processing from the Department of Education and Science.
The operation of internal controls in the National Educational Welfare Board during the period 2003-2005 was reviewed following the discovery by the Board of control failures in respect of information technology procurement.
[view Press Release]
[view summary document]
[view more...] Published on 14 November 2007 |
Special Report 7: Health Sector Audits |
The financial audit of bodies in the health sector identified a number of areas requiring further examination. These included the systems in place to ensure adequate control over capital expenditure, property management, numbers employed and governance issues within health agencies.
[view more...] Published on 29 October 2004 |
Tuarascáil Ar Leith 6: Clár um Fhorbairt Phríomhbhealaí
|
Beartaíodh infheistíocht €5.6 bhilliún ar fheabhsuithe ar bhóithre náisiúnta i rith na tréimhse 2000 – 2006 sa Phlean Forbartha Náisiúnta, arna sheoladh i mí na Samhna 1999. Faoin mbliain 2002, bhí an costas a measadh a bhainfeadh leis na hoibreacha pleanáilte dulta in airde go dtí beagnach €16 bhilliún. Ba an aidhm a bhí leis an tuarascáil ná na cúiseanna a bhí leis an mórardú ar chostas na n-oibreacha pleanáilte a scrúdú agus athbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas meastacháin a bhí mar bhonn is mar thaca le costáil an chláir. Lena chois sin, scrúdaítear sa tuarascáil na socruithe a bhí i bhfeidhm chun tionscadail le bóithre náisiúnta a fheabhsú, a sholáthar, agus déantar athbhreithniú inti ar ghnéithe tábhachtacha a bhain le bainistiú foriomlán an chláir um fheabhsú bóithre.
[view more...] Published on 29 June 2003 |
Tuarascáil Ar Leith 5: Córais le hAgallaimh a Dhéantar le Gardaí a Thaifeadadh |
Suiteáladh áiseanna chun fianaise arna tógáil ag póilíní in 220 seomra agallaimh i stáisiún póilíní ar fud na tíre. Trealamh taifeadta closamhairc a bhaineann úsáid as VHS a bhí i gceist leis an trealamh a ceannaíodh in 2001. Scrúdaítear leis an tuarascáil seo an raibh an próiseas lenar sonraíodh agus lena bhfuarthas an trealamh ag teacht le dea-chleachtas um sholáthar poiblí agus ar comhlíonadh an dlí um sholáthar poiblí agus an trealamh á fháil. De réir an chomhghnáis, níor lorgaíodh dearcaí na bpáirtithe a chuir tairiscintí isteach agus an tuarascáil seo á tiomsú óir nach bpléann an tuarascáil ach le mar a chomhlíon an Comhlacht Stáit a bhí i gceist cúrsaí cuntasachta i ndáil le rialtacht, cirte agus éifeachtaí airgeadais a fheidhme soláthair. Dá bharr sin, ní thaifeadtar dearcaí an Chomhlachta Stáit a mheasúnaigh na tograí tairiscinte ach mar fhianaise ar a mheasúnacht agus ní léirítear iad mar fhianaise ar chirte na measúnachta sin.
[view more...] Published on 19 February 2003 |
Tuarascáil Ar Leith 4: Rialú Airgeadais Bhord Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann |
Tugadh lochtaí áirithe ó thaobh gnéithe áirithe den bhealach a bainistíodh cúrsaí airgeadais sa Bhord faoi deara san iniúchóireacht airgeadais ar Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann. Scrúdaítear leis an tuarascáil seo na heasnaimh a tháinig chun cinn sna réimsí ó thaobh buiséadaithe agus costála, mar a bainistíodh airgead tirim agus mar a bainistíodh tionscadal chun córas ríomhairithe a chur i bhfeidhm chun gníomhaíochtaí bailiúcháin fola a rialú.
[view more...] Published on 19 February 2003 |
Tuarascáil Ar Leith 3: Fóirdheontais Tí Altranais |
Féadfaidh daoine a dtugtar lóistín dóibh i dTithe Altranais a bheith i dteideal cúnaimh airgeadais i dtreo is go n-íocfaí as iad a chothabháil. Bíonn an fóirdheontas faoi réir ag a leibhéil spleáchais agus ag tástáil acmhainne. B'é aidhm na tuarascála seo ná scrúdú a dhéanamh le féachaint ar feidhmíodh cistí, arna soláthar ag an Roinn Sláinte agus Leanaí do bhoird sláinte chun críocha an fhóirdheontais, chun na críche sonraí sin, agus murab amhlaidh, conas ar feidhmíodh na cistí agus suim riaráiste an fhóirdheontais atá dlite do dhaoine atá ina dteideal sin.
[view more...] Published on 30 January 2002 |
Tuarascáil Ar Leith 2: Iniúchóireacht Inmheánach i mBoird Sláinte |
Bhí feidhm i leith na hiniúchóireachta inmheánaí i ngach ceann den ocht mbord sláinte in 1999. B'é aidhm na tuarascála ná stádas na hiniúchóireachta inmheánaí sna boird a scrúdú, ag breathnú ar ról agus chuspóirí gach aonad iniúchóireachta inmheánaí, chomh maith lena údarás, a neamhspleáchas, a chearta le teacht ar fhaisnéis srl., conas a pleanáladh agus a faomhadh a chuid oibre, a chur chuige i leith tascanna iniúchóireachta, a chuimsithí is a éiríonn leis a bheith ina iniúchóireacht, na caighdeáin arna leanúint, conas a foinsíodh acmhainní don aonad agus an socrú le haghaidh an méid arna fháil amach ag an aonad a thuairisciú agus a fhorfheidhmiú.
[view more...] Published on 30 November 2000 |
Tuarascáil Ar Leith 1: Íoc Pras Cuntas |
Cuimsíodh breis is 400 comhlacht poiblí faoi théarmaí an Acht um Íoc Pras Cuntas 1997, inar leagadh amach ceanglais le soláthraithe a íoc in am agus ús a íoc leo sa chás go mbeadh íocaíocht déanach. Bhí socruithe san Acht freisin le haghaidh tuairisc a thabhairt ar chleachtais íocaíochta agus géilliúntas a iniúchadh. Scrúdaítear sa Tuarascáil Ar Leith seo a mhéid is a chomhlíon soláthraithe an tAcht sa chéad bhliain i mbun feidhme dó, na saincheisteanna ó thaobh forfheidhmiúcháin le haghaidh ceannaitheoirí, an raibh an bealach ar tugadh tuairisc ar chleachtais íocaíochta sásúil agus céard iad na saincheisteanna a tháinig chun cinn agus géilliúntas á iniúchadh.
[view more...] Published on 03 October 2000 |
| Tuarascáil Ar Leith: Imscrúdú ar mar a Riaradh an Cháin Choinneála ar Ús Taisce & ar Cheisteanna Gaolmhara i rith na tréimhse 1 Eanáir 86 go dtí |
Tar éis do reachtaíocht ar leith a bheith rite in 1998, thionscain an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste imscrúdú ar mar a feidhmíodh Cáin Choinneála ar Ús Taisce (DIRT). B'é cúlra an scéil ná go raibh líomhaintí i gcoinne Bhanc Aontais Éireann cuideachta phoiblí theoranta, faoi imghabháil chánach a bheith ar siúl trí úsáid a bheith á baint as cuntais bhréag-neamháitritheoirí. Taifeadtar torthaí an imscrúdaithe sa tuarascáil, lena bhfuarthas go raibh úsáid á baint go forleathan feadh earnáil uile na baincéireachta in Éirinn as cuntais bhréag- neamháitritheoirí mar bhealach le cáin a imghabháil. Taifeadtar sa tuarascáil freisin na cúinsí a d'fhág gur theip ar na Coimisinéirí Ioncaim, ar an mBanc Ceannais agus ar an Roinn Airgeadais aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist in gcaitheamh na mblianta.
[view more...] Published on 19 July 1999 |
Tuarascáil Ar Leith: Díolachán Tailte Stáit ag Gleann Daingin |
In 1991, dhíol an Roinn Fuinnimh a bhíodh ann an tráth sin, talamh breise neamhriachtanach ag Gleann Daingin. Tar éis iarratais ó Choiste na gCuntas Poiblí, d'fhiosraigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste an scéal. Rinneadh iarracht le tuarascáil an scrúdaithe fíricí agus ord na n-imeachtaí de réir dátaí a d'fhág gur díoladh an talamh, a dhéanamh amach ó fhianaise cháipéisí, agus tuairim a dhéanamh maidir le cé acu ar leanadh nósanna imeachta cearta nó a mhalairt agus ar cuireadh an diúscairt i ngníomh ar na téarmaí ab fhabhraí agus a bhíothas in ann a fháil go réasúnach.
[view more...] Published on 08 January 1999 |
|
|